To read this page in English, click here.

Ár nAidhm

Tá  an chónaitheacht dírithe ar thacú le healaíontóirí trí bhonn agus ardán a sholáthar in Amharclann na Mainustreach. Déanfar, le cónaitheacht na stiúrthóirí leis an amharclann teagmháil a sholáthar le hoibriú na hamharclainne, leis na máuistir-ranganna agus leis na ceardlanna gairmiúla chomh maith le spreagadh a thabhairt  do chleachtadh agus saincheird gach ealaíontóra.

In 2022 a thosófar an clár nua agus áireofar ann na nithe seo a leanas:

  • Deis amháin ar a laghad le bheith i do stiúrthóir cúnta i léiriú nó comhléiriú de chuid Amharclann na Mainistreach.
  • Freastal ar cheardlanna cleachtais gairmiúla agus ar mháistir-ranganna faoi stiúir chomhlaigh de chuid Amharclann na Mainistreach agus cleachtóirí náisiunta agus idirnáisiúnta
  • Meantóireacht ag an Stiúrthóir Ealaíne agus ag an Stiúrthóir Comhlach.
  • Rochtain agus taithí ar reáchtáil na hamharclainne; freastal agus faire ar chruinnithe pleanála agus bainistíochta agus sealanna a chaitheamh i ranna eagsúla, amhail margaíocht. cúrsaí pobail agus oideachais, roghnú aisteoirí, léiriú agus forbairt.
  • Freastal ar chruinnithe rialta scripte agus clársceidealaithe
  • A bheith bainteach leis an Rannóg Nua-Oibre agus lena Léiritheoirí
  • Féachfaimid le deiseanna a fhorbairt – cistiú lena gceadófar do stiúrthóirí cónaithe tionscadail, drámaí nó léirithe allamuigh arna léiriú ag Amharclann na Mainistreach a stiúradh.

Is mian linn tacaíocht a thabhairt do cheathrar stiúrthóirí cónaithe a léirigh tiomantas agus cumas I dtaca le gairm sa stiúrthóireacht ghairmiúil. Lorgaímid iarrarais ó stiúrthóirí atá díograiseach faoina gcuid foghlama agus fáis agus i leith thodhchaí na hamharlainne.Is mian linn cloisteáil ó ghrúpa ilghnéitheach spreagúil déantóirí as gach cearn den tír ar mian leo tacaíocht a fháil agus iad ag iarraidh a gcuid tallann agus scileanna mar stiúrthóirí a leathnú.

Caithfidh stiúrthóirí a bheith ar fail le haghaidh ionduchtú intí ar feadh dianseachtaine agus le haghaidh máistir-ranganna míosula agus cruinnithe rialto scripte/clárúcháin chomh maith. Deimhneofar na dátaí agus an sceideal ar ball.

Na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo gheobhaidh siad táille €12,000 don chónaitheacht mar aon keis na deiseanna forbartha ar fad thuas. Beidh an clár seo ceaptha tacú le stiúrthóirí ar gá dóibh a gcónaitheacht a chomhlánú le breis oiibre.

Meán Lae An 3 Nollaig an data clabhsuir le haghaidh na n-iarraas.  

Breithneofar gach iarratas mar chuid den phróiseas measúnaithe tosaigh arna bhunú ar na critéir roghnaithe thíos. Féadfar thabhairt faoi phróiseas gearliostaithe agus agallaimh.

Faigh an feidhmchlár anseo