Ceardlann do Scríbhneoirí le Inua Ellams

Tá ríméad ar Amharclann na Mainistreach fáilte a chur roimh Inua Ellams i mí Bealtaine agus é le bheith i bhfeighil ceardlann scríbhneoireachta a mhairfidh trí lá, agus ina chuimseofar scríbhneoireacht drámaí, filíochta agus aistí. Tá an cheardlann do scríbhneoirí ar oscailt do scríbhneoir ar bith beag beann ar an taithí atá aige nó aici.

Ceardlann do Scríbhneoirí le Inua Ellams Ceardlann do Scríbhneoirí le Inua Ellams

Ceardlann do Scríbhneoirí le Inua Ellams 

Reáchtálfar an cheardlann ó Dé Máirt go dtí Déardaoin, an 24 – 26 Bealtaine, ó 2pm go dtí 6pm gach lá. Iarrfar ar na rannpháirtithe a roghnófar páirt a ghlacadh sa cheardlann in Amharclann na Mainistreach agus ní mór dóibh a bheith ar fáil do na trí lá go léir a bheidh an cheardlann ar siúl. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó áit ar bith ar oileán na hÉireann, ó scríbhneoirí féinaitheanta, ó dhrámadóirí agus ó scríbhneoirí aistí.

Roghnófar suas le 10 n-iarratasóir don cheardlann. Íocfar táille oinigh le gach scríbhneoir as páirt a ghlacadh sa cheardlann. Íocfar costais taistil agus chothabhála dóibh siúd a thagann as áiteanna eile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Líon isteach an fhoirm iarratais anseo agus cuir isteach sampla de chuid scríbhneoireachta ar aon leathanach amháin (1,000 focal ar a mhéad).

An spriocdháta le haghaidh iarratas: Dé Máirt, an 10 Bealtaine, 12 meán lae. 

 

c. Oliver Holms

Rugadh Inua Ellams sa Nigéir in 1984. Ba Mhoslamach é a athair agus ba Chríostaí í a mháthair. Theith siad go léir go Sasana nuair a bhí Inua dhá bhliain déag d’aois. D’aistrigh sé go hÉirinn lena theaghlach ar feadh trí bliana. Bhí cónaí orthu ansin agus ba ann a chuaigh sé ar scoil. Is file, taibhealaíontóir, drámadóir, ealaíontóir grafach agus dearthóir é, agus is minic a scríobhann sé faoin saol a bhí aige agus é ag fás aníos, faoin taithí a bhí aige maidir leis an inimirce, agus beocht á chur aige i bhfocail le luas, rithim agus tuin.